An Gra agus an Ghruaim: 2023

Atheagrán den leabhar chlasaiceach le Seosamh Mac Grianna. Cóirithe ag Eoghan Mac Giolla Bhríde.
Publisher:
Availability: This product will ship in 5 to 10 business days
ISBN: 9781914482106
AuthorSeosamh Mac Grianna
€20.50
Ship to
*
*
Shipping Method
Name
Estimated Delivery
Price
No shipping options
Eagrán úr de chnuasach cháiliúil Sheosamh Mhic Grianna, bunaithe ar an chéad eagrán a cuireadh i gcló i 1929. Ba é An Grá agus an Ghruaim an dara cnuasach le Seosamh Mac Grianna. San eagrán úr seo tugtar an litriú suas chun dáta le tús áite tugtha den fhoghraíocht. Cuirtear an scéal “An Bhean Lán de Stuaim” ar ais sa bhailiúchán agus fágtar istigh an scéal “Bíonn Súil le Muir ach ní Bhíonn Súil le hUaigh” a cuireadh isteach ina áit in eagráin níos déanaí. Seo mar a chuir an scríbhneoir Donn Piat síos air ina léirmheas don nuachtán Fáinne an Lae i Márta 1930: Tá “Creach Choinn Uí Dhomhnaill” ar an scéal is fearr sa leabhar – nó sa nua-Ghaeilge. Tá an leabhar maith, molaim í agus molaim an fear a scríobh í. Agus seo mar a cuireadh síos air in irisleabhar An tUltach i Márta 1930: Faigheadh duine ar bith domh scéal ar bith i nGaeilge na haimsire seo is ealaíonta, is uaisle, nó is Gaelaí Gaeilge ná “Creach Choinn Uí Dhomhnaill” agus beidh mé buíoch dó. Is iomaí léirmheas agus tráchtas a scríobhadh faoin tsaothar seo ó shin agus seasann sé mar cheann de mórshaothair na Gaeilge, scríofa ag scríbhneoir uaillmhianach óg a bhí go fóill ina chuid fichidí.